A chuimhne ar na Dúchrónaigh nuair a bhí sé ar an scoil. Thagadh siad isteach sa scoil. Dhóigh siad Coláiste Uladh agus an Cóip (an siopa) a bhí ag a thaobh. Lá Aonaigh Ghort a’ Choirce a baineadh na gunnaí de na sean phéas. Bhítí ag spíodóireacht ar mholl de na hÓglaigh san am, macasamhail Charles Daly, a bhíodh ar a seachnadh.
00:04:48
Aonach Ghort a Choirce a bhíodh ann uair sa mhí. Bhíodh eallach, beithígh, caora agus muca ann. Bhíodh daoine ag teacht as Doire le stainníní ag díol earraí fosta.